I ndiaidh bhronnadh na gcéimeanna oinigh ar na galfairí Pádraig Harrington agus Paul Mc Ginley, ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad inniu, d’fhógair an tUachtarán, John Hughes, Scéim nua Scoláireachta Gailf d’fhochéimithe le bua sa spórt.
Ainmneofar na scoláireachtaí mar Scoláireachtaí Gailf Phaddy Harrington i gcuimhne d’athair Phádraig, Paddy, duine de bhunaitheoirí Chlub Gailf Bhaile an Stacaigh. Ba fear spórt mór-le-rá Paddy é féin agus é ag imirt i ndá Chluiche Ceannaise Peile Uile-Éireann do Chorcaigh. “Ceann de na rudaí ba eisceachtúla faoi Paddy ba ea an spreagadh mór a thug sé do ghalfairí óga chun obair i gcónaí ag a spórt agus a scileanna a fheabhsú. Is rud ceart agus cóir é,” a dúirt an tOllamh Hughes, go mbláthóidh tallann nua Gailf i bhfochéimithe in Éirinn agus go bhfásóidh siad de bharr na scoláireachtaí seo, atá ainmnithe ina onóir.”
Chuir an tOllamh Hughes a ardmheas in iúl i leith muintir Mallaghan de Theach Carton agus Aontas Gailf na hÉireann as a rannpháirtíocht agus tacaíocht spreagúil do na scoláireachtaí nua gailf, agus dúirt sé gur chinntigh a gcúnamh flaithiúil go mbeadh na scoláireachtaí seo d’ardchaighdeán domhanda agus go mbeadh siad mar leas agus tairbhe dóibh siúd a bhfaigheadh iad.
Beidh rochtain shaor d’Eastát Carton i gceist le Scoláireacht Gailf de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, atá ina óstach do Chomórtas Oscailte Smurfit an AE. Soláthróidh sé rochtain d’Acadamh Gailf an GUI lena dhá chúrsa Craobhchomórtais, an Montgomerie agus an O’Meara. Beidh traenáil agus forbairt theicniúil faoi Thraenálaí Náisiúnta an GUI agus beidh Traenáil Aclaíochta, Síceolaíocht Spóirt, Sláinte agus Cothú Bia, Anailís ar Dhul Chun Cinn agus Slí Mhaireachtála i gceist.
Le cois na háiseanna iontacha ag Carton, beidh rochtain shaor ag mic léinn ar an ngiomnáisiam úrscothach, an seomra saor-mheáchain, an linn snámha, dhá halla spóirt faoi dhíon agus rochtain don seomra fisiteiripe.
Chomh maith lena gcumais gailf a fhorbairt sna timpeallachtaí iontacha sin, bainfidh fochéimithe tairbhe as na seirbhísí oideachasúla den scoth ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad a bhfuil réimse leathan cúrsaí acu sna hEalaíona, san Eolaíocht, in Innealtóireacht agus Gnó, agus cúrsaí a mholann mic léinn iarchéime go hard.
Caithfidh iarratasóirí do Scoláireachtaí Gailf Phaddy Buntáiste Chatagóir a hAon íseal a bheith acu.
Is féidir sparánachtaí a úsáid ar mhaithe le cuspóirí oideachasúla agus do tháillí agus costais iontrála comórtais, de réir na Rialacha um Stádas Amaitéarach.
Bronnfaidh Painéal Traenála an GUI sparánachtaí trí bhall foirne i Má Nuad.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Scoláireacht Ghailf, ba cheart d’iarrtasóirí cur isteach air go díreach chuig:
Paul Davis, Oifigeach Spóirt, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Teil: 01 708 3824 ríomhphost paul.davis@nuim.ie
Chun eolas acadúil a fháil, téigh i dteagmháil le do thoil leis:
An Oifig Iontrálacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Teil: 01 708 3822 ríomhphost: admissions@nuim.ie