Sa phictiúr tá an tUachtarán, an tOllamh John Huhes leis an Ollamh A.G. O’Farrell, Roinn na Matamaitice, foireann agus mic léinn, ag ócáid bhronnadh na nduaiseanna do mhic léinn dara-leibhéil a bhfuil súil acu páirt a ghlacadh ar son na hÉireann ag an Oilimpiad Idirnáisiúnta Matamaitice sa tSlóivéin i mí Iúil. Bhain mic léinn ó Mhá Nuad, Bun Dóráin, Ráth Droma agus Caisleán an Chnoca na chéad cheithre duais sa chomórtas a bhí ar siúl ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad go luath i mí an Mhárta mar chuid de chlár traenála d’iomaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ag glacadh páirte san Oilimpiad as seo amach.